Tugann Ossian Smith TD, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, cuireadh don phobal chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo a leanas. Cabhróidh an t-aiseolas le bonn eolais a chur faoi fhreagairt beartais na hÉireann do dhéileáil le feistí vápála indiúscartha dramhaíola. Nóta Tábhachtach: Is é is feiste vápála indiúscartha ann ná toitín leictreonach NACH bhFUIL in-athluchtaithe. Ní thagann toitíní in-athluchtaithe faoi raon feidhme an chomhairliúcháin seo. Chun an suirbhé seo a chomhlánú tríd an bpost cliceáil anseo anseo Fáiltímid roimh do rannpháirtíocht agus do thuairimí. |