Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe an Chósta Theas d'Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta (SC-DMAP): Comhairliúchán Poiblí

Dúnta3 Bea, 2024, 12:30 - 14 Mei, 2024, 16:59

Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe an Chósta Theas d'Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta (SC-DMAP): Comhairliúchán Poiblí

Comhairliúchán Poiblí ar an gcéad Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe d'Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta Theas

Tá ceann de na hacmhainní gaoithe agus fuinnimh ghlais amach ón gcósta is fearr ar domhan ag Éirinn a bhfuil acmhainneacht shuntasach aici saol amach anseo atá neodrach ó thaobh na haeráide de, deiseanna agus tairbhí suntasacha dearfacha eacnamaíocha agus sochaíocha, agus caighdeán maireachtála níos fearr a sholáthar do chách. Is é an Dréachtphlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta (SC-DMAP) an chéad phlean spásúil muirí fonáisiúnta, fórasach d'fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta atá molta ag an Stát.

Déanfar foráil sa dréacht-SC-DMAP d'fhorbairt inbhuanaithe na gaoithe amach ón gcósta trí chosaint an chomhshaoil agus úsáideoirí agus gníomhaíochtaí muirí atá ann cheana a bhreithniú, agus bithéagsúlacht mhuirí a chothabháil agus, nuair is féidir, feabhas a chur uirthi.

Tá an dréacht-SC-DMAP agus na measúnuithe comhshaoil a bhaineann leis - Tuarascáil Comhshaoil um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (SEA) agus Ráiteas Tionchair Natura (RTN) - ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ón 3 Bealtaine 2024 go dtí an 14 Meitheamh 2024. Iarrtar ort aighneachtaí a dhéanamh le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí reachtúil sé seachtaine, a bheidh mar bhonn eolais do leasuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an dréacht SC-DMAP.

Is é 5.00pm an 14 Meitheamh 2024 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí. Tá gach doiciméad ar fáil le híoslódáil ag an www.gov.ie/southcoastdmap

Tá leagan inphriontáilte den suirbhé seo ar fáil le híoslódáil agus is féidir é a sheoladh trí ríomhphost chuig southcoastdmap@DECC.gov.ie nó tríd an bpost chuig: An Rannán Idirnáisiúnta agus Fuinnimh Eischósta, Aighneacht DMAP an Chósta Theas, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 29-31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath 2, D02 X285.

Sna ceisteanna a leanann, roinn do thuairimí linn maidir leis an mbealach is fearr is féidir le hÉirinn leas a bhaint as an deis ghaoithe amach ón gcósta seo chun tairbhí a uasmhéadú dár n-aeráid, dár gcomhshaol agus dár bpobail. 

 

The closing date has passed and submissions are no longer being accepted.