Chomhairliúchán na bliana 2024 ar leagan athbhreithnithe den Phlean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Fuinnimh

Oscailte13 Már, 2024, 11:00am - 8 Bea, 2024, 6:00pm

 

Forbhreathnú ar an gComhairliúchán

Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ar an bPlean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh atá ann cheana agus tuairimí a lorg chun cabhrú le Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe a ullmhú. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trínár n-ardán ar líne a úsáid.

Cúlra

Cheadaigh an Rialtas an Plean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh i mí na Nollag 2022, agus leagadh ann na bearta éagsúla a bhí le cur chun feidhme, chomh maith le bearta tábhachtacha níos fadtéarmaí, chun a chinntiú go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint dóibh sin atá níos neamhábalta costais mhéadaithe fuinnimh a sheasamh chun go mbeadh siad in ann a dteach a théamh agus a chumhachtú go leordhóthanach i ngeimhreadh na bliana 2022/23. Tá Grúpa Stiúrtha trasrannach ag déanamh faireachán ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta, ar Grúpa é atá faoi chathaoirleacht na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus a chuimsíonn ionadaithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ón Roinn Tithíochta, ón Roinn Airgeadais, ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe, ón Roinn Sláinte, ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Tagann na bearta atá sa Phlean Gníomhaíochta faoi dhá chatagóir uileghabhálacha, mar atá bearta gearrthéarmacha, áit ar leagadh an díriú ar thacú le daoine teacht slán as geimhreadh na bliana 2022/23, agus bearta meántéarmacha, áit ar leagadh an díriú ar uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh a úsáid chun cabhrú le dul i ngleic leis na bunchúiseanna le bochtaineacht fuinnimh agus chun aistriú cuimsitheach cóir chuig sochaí ghlan-nialasach a chinntiú.

Cé go ndearnadh dul chun cinn suntasach ar na gníomhartha sin, tharla sé, mar thoradh ar an ardchostas leanúnach ar fhuinneamh, gur tugadh bearta breise costas maireachtála isteach i mí Feabhra 2023 agus i mBuiséad 2024. Mar sin, tá sé in am an Plean Gníomhaíochta atá ann cheana a athbhreithniú agus a leasú.

Tá sé beartaithe againn Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Thearcrochtain Fuinnimh a fhorbairt, arb é an cuspóir atá leis an athuair raon gníomhartha atá soiléir agus faoi cheangal ama agus a bhfuil rialachas cuí agus meastóireacht chuí ag gabháil leo a leagan amach chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh. Tá sé beartaithe gurb amhlaidh leis an bPlean go gcuirfear leis na beartais agus na gníomhartha a rinneadh go dtí seo faoin bPlean atá ann cheana, agus go leanfar ar aghaidh leis na beartais agus na gníomhartha sin, bunaithe ar ionchur ó gheallsealbhóirí, nuair is cuí.

Ina theannta sin, d’fhoilsigh Coimisiún an Aontais Eorpaigh 25 Mholadh chun dul i ngleic le Bochtaineacht Fuinnimh ar fud an Aontais an 23 Deireadh Fómhair 2023. Tá na moltaí sin dírithe ar roinnt príomhréimsí, lena n-áirítear creat dlíthiúil, inacmhainneacht agus rochtain ar fhuinneamh, rialachas, cumarsáid, éifeachtúlacht fuinnimh, agus rochtain ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar scileanna agus ar mhaoiniú chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh.

Tá sé beartaithe againn na moltaí sin a chur san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe agus iad a úsáid mar chreat tomhais as seo amach.

https://www.gov.ie/en/publication/159cb-energy-poverty-action-plan/

 

Comhairliúchán

Mar atá luaite sa Phlean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh, is cuid lárnach d’obair an Ghrúpa Stiúrtha atá in idirchaidreamh struchtúrtha uile-Rialtais a dhéanamh le geallsealbhóirí.

D’fhorbair an Grúpa Stiúrtha tacar ceisteanna, atá ceaptha chun faisnéis a ghabháil ó gheallsealbhóirí chun tacú le Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe a fhorbairt.

Is é 5.30pm Dé hAoine an 26 Aibreán 2024 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí.

Dá mba mhaith leat an suirbhé comhairliúcháin a chomhlánú i bhformáid chruachóipe, déan teagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig repr@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:

An Rannán um Beartas agus Rialáil Fuinnimh Miondíola
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29 – 31 Bóthar Adelaide,
Baile Átha Cliath,
D02 X285

Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Thearcrochtain Fuinnimh.

Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.

Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis rúnda

Ina theannta sin, trí fhreagra a thabhairt ar an gcomhairliúchán seo, gheobhaidh tú cuireadh chuig an bhFóram Geallsealbhóirí Bochtaineachta Fuinnimh atá le teacht, áit a dtabharfar réamhamharc ar dhréacht den Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe agus a bpléifear é. Tá an t-imeacht sin le reáchtáil sa dara ráithe den bhliain 2024.

 

Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:

  • conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a mbailímid iad
  • conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
  • na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú

 

 

 

  1. Tosaigh (current step)
  2. Comhlánaigh (not completed)
Completed: 0%
Cur Chun Feidhme an Chreata Dhlíthiúil
Costas an Fhuinnimh a Sheasamh
Éifeachtúlacht Fuinnimh
Taighde
Cumarsáid agus Rialachas
Dearadh beartais
Ceist Chlabhsúir
Ceisteanna Spriocdhírithe ar Dhaoine Aonair/ar Theaghlaigh