Fáilte go dtí an suirbhé ar líne ar an dara Plean maidir le Forbairt Fuinnimh Inathnuaite Amach ón gCósta (OREDP II) – straitéis spáis náisiúnta nua na hÉireann dár dtodhchaí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Bain úsáid as an suirbhé ar líne seo chun páirt a ghlacadh inár gcomhairliúchán poiblí agus chun do thuairimí a chomhroinnt ar an dréachtleagan de OREDP II idir an 24 Feabhra 2023 agus an 20 Aibreán 2023.
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ar an dréachtleagan de OREDP II agus ar na tuarascálacha measúnachta timpeallachta a ghabhann leis. Tabharfaidh torthaí an chomhairliúcháin phoiblí léargas freisin ar na dearcthaí atá ann ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil i leith fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta.
Fáiltímid go háirithe roimh thuairimí ó eagraíochtaí áitiúla turasóireachta, iascaireachta, fóillíochta agus spóirt agus ó aon duine a bhfuil spéis aige/aici in acmhainní muirí na hÉireann.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Dhréacht-Phlean maidir le Forbairt Fuinnimh Inathnuaite Amach ón gCósta II (OREDP II), téigh chuig an leathanach Gréasáin seo nó amharc ar an Dréacht-Phlean [PDF] nó íoslódáil é anseo.
Tá leagan inphriontáilte den suirbhé seo ar fáil le híoslódáil anseo. Postáil chuigh an Rannán um an Timpeallacht Amach ón gCósta agus um Thoiliú An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 29 – 31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath 2, D02 X285.